Cur Síos
Tá Moonfish lonnaithe in Iarthar na hÉireann, áit a spreagann an chomhchóir chun cultúr ár dteanga, ár scéalaíochta, ár gceol agus ár ndamhsa a nascadh le teangacha amharclannaíochta ar nós puipeadóireacht, teicneolaíocht céadfach agus gluaiseacht chun eispéireisí fuinnimheacha agus dúshlánacha a chruthú dár lucht féachana.
I 2013 bronnadh an dúis Stewart Parker Trust/ BBC NI Drámaíocht i nGaeilge ar Moonfish dár léiriú molta Tromluí Phinocchio/ Pinocchio - A Nightmare a chuireadh ar stáiste ar dtús le linn an bhFéile Fringe BÁC agus a chuaigh ar camhchúirt náisiúnta ina dhiaidh sin.
I 2014 rinne Moonfish athchóiriú don stáitse ar úrscéal le Joseph O’Connor, Star of the Sea. D’oscail Star of the Sea i bhFéile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe, áit ar tharraing sé ard-mholadh ó lucht féachana agus léarmheastóirí araon. Ó shin tá Star of the Sea théis dul ar camchúirt náisiúnta faoi dhó agus ar camchúirt idirnáisiúnta go dtí na Stáit Aontaithe i 2017.
I 2016 chruthaigh Moonfish Pop-Up Worlds mar chuid dár dtréimhse lonnaithe ealaíne in Ionad Ealaíne an Riverbank. Is píosa amharclannaíochta tomthach é Pop-Up Worlds a mheascann teicneolaíocht preab-in-airde pháipéir le teicneolaíocht céadfach. I 2017 chuaigh Pop-Up Worlds ar camchúirt náisiúnta agus ar camchúirt idirnáisiúnta go dtí amharclann the egg i Bath, mar chuid dá dtionscamh Schools Without Walls.
Caherfuvaus,Craughwell,Co. Galway