Cur Síos
Compántas gairmiúil amharclainne agus teilifíse Gaeilge a bhí i Deilt, a bhunaigh Ray Yeates i 1983. Bhí scríbhneoirí mar Nuala Ní Dhomhnaill, Antoine Ó Flatharta, Gabriel Rosenstock, John Mc Ardle agus Seán McCarthy ag obair leis an gcompántas. Ón tús bhí sé mar aidhm ag Deilt tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí Gaeilge trí theanga bheo a léiriú lasmuigh den seomra ranga. Ó 1987 ar aghaidh thosaigh Deilt ag forbairt i dtreo lucht féachana fásta a chothú, agus drámaí an chompántais a chur ar fáil don phobal agus tairbhe a bhaint as áiseanna teilifíse, fístéipeanna agus scannáin. D’éirigh thar barr leis an gcéad dráma do dhaoine fásta – Daoine ar an Dart- a cuireadh i láthair do thaistealaithe DART na cathrach mar chuid d’Fhéile Amharclainne Átha Cliath 1987. Léiríodar Bullaí Mhártain i 1989, i gcomhair leis Na Fánaithe. Tháinig deireadh le léirithe an chompántais go luath sna 1990í.