-
Cur Síos
Is í Aisling Ghéar an t-aon chompántas proifisiúnta amharclainne in Éirinn a shaothraíonn go lánaimseartha chun léirithe a chur ar fáil i nGaeilge. Tá sé lonnaithe i mBéal Feirste, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich – ionad ealaíon agus cultúir ina bhfuil Amharclann Siobhán Nic Cionnaith. Bunaíodh an compántas in 1997 le comhlánú agus le forbairt a dhéanamh ar na healaíona agus ar thaithí chultúrtha lucht na Gaeilge. Ó shin i leith, léirigh sé agus thug ar chamchuairt saothair d’ardchaighdeán le húdair chomh héagsúil le Machiavelli, WB Yeats, Tom Murphy, Rosemary Jenkinson, Eugene Ionesco, Samuel Beckett, Eoghan Ó Tuairisc, Brian Friel, Dario Fo, Willy Russell agus Marie Jones. Cuid bhuan den fhéilire scoile anois é a léiriú ardmholta de ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda, léiriú ar taca é ag múinteoirí chomh maith le bheith ina eispéireas amharclainne ardchaighdeáin do scoláirí A-leibhéil. Tá an compántas tiomanta don scríbhneoireacht nua Ghaeilge agus go dtí seo tá ocht ndráma úr forbartha agus léirithe acu. Cuirtear aistriúchan comhuaineach ar fáil ag na léirithe ar fad ar ghléas cinn pearsanta nó is féidir an dráma a leanúint leis na 'Nótaí Radhairc'-gearrchuntas scríofa Béarla ar gach radharc - a sholáthraítear freisin.
Seoladh
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Falls Road,Belfast BT12 6AH,Co. Antrim
Ríomhphost
carrie.anne@aislingghear.com
Suíomh Idirlín
www.aislingghear.com
Guthán
+ 44 (0)28 9020 8040
Stiúrthóir Ealaíne
Bríd Ó Gallchóir
Bainisteoir Ginerálta
Carrie-Anne McAlonan-McCrudden